Músaem Oileán Chléire

Bunaíodh Músaem Oileán Chléire, Co. Chorcaí, Éire i 1981 mar eagraíocht dheonach chun:

  • An bailiúchán de dhéantúsáin shaol na tíre, na feirme agus na mara a eagrú agus iad a thaispeáint agus a chaomhnú.
  • Taifid ar gach gné de shaol Oileáin Chléire a fhoinsiú, a bhailiú agus a chaomhnú.
  • Ionad Taispeántais agus Cartlann Oidhreachta a fhorbairt le déantúsáin agus doiciméid is díol spéise don oileán a choinneáil.

Le cabhair ó phobal an oileáin agus ó Ghníomhaireachtaí Stáit na hÉireann athchóiríodh an seanteach scoile agus tá cnuasach mór ábhar taispeántais agus cáipéisí a bhaineann le saol agus stair an oileáin ina seilbh anois. Go dtí seo, tá os cionn 100 painéal taispeántais frámaithe i mbailiúchán an mhúsaeim, a bhaineann le ceithre théama déag dhifriúla d’oidhreacht an oileáin, agus ní féidir ach rogha díobh a thaispeáint ag an am céanna. Clúdaíonn na painéil taispeántais léirmhínithe patrúin lonnaíochta an oileáin, saol na tíre agus na feirme, ginealas, béaloideas, logainmneacha, oideachas, teileagraif agus stair mhuirí. Tá suirbhéanna seandálaíochta, luibheolaíocha, éaneolaíochta agus ginealais déanta ar an oileán agus tá sonraí a bhaineann leo sin ar taispeáint nó ar coimeád i gCartlann an Oileáin.


EOLAS TEAGMHÁLA:

Ríomhphost: cccteo@iol.ie | Fón: +353 (0) 2839119