Glampáil & Campáil Chléire Haven

Is eachtra síochánta ar leith é laethanta saoire glampála a chaitheamh ar Oileán Chléire, deis an mhórthír agus do chuid imní a fhágáil i do dhiaidh.

Tá roghanna ar fáil maidir le do lóistín saoire, iad ar fad spreagúil ina bhealaí féin agus an-difriúil lena chéile – is leatsa an rogha. Is féidir leat fanacht i gceann dár Só-Yurtanna nó inár “bPubaill Chloig” ghalánta. De rogha air sin, d’fhéadfá do phuball féin a thabhairt leat, ach seiceáil roimh ré mar níl ach spásanna teoranta againn.

Glampáil

Tagann Yurtanna as an Mongóil agus déantar as snáithíní nádúrtha agus adhmad iad. Is laitís adhmaid a dhéantar an balla ciorclach, le cuaillí maisithe ag díriú ar an spéir go dtí an fhuinneog lárnach ag an mbarr. Clúdaítear an creat seo le feilt thiubh agus ábhar cosanta chun timpeallacht te teolaí, socair a dhéanamh atá foirfe chun do scíth a ligean inti. Las an sorn adhmaid, dún an doras adhmaid leis an tsíon a choinneáil amuigh agus tóg amach do ghiotár nó an leabhar is fearr leat.

“Pubaill Chloig”

Is meascán de champáil sean-aimseartha in áit álainn leis an bhfonn nua-aimseartha a bheith is neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus is féidir is ea fanacht i bpuball cloig canbháis le do theaghlach nó do chuid cairde.

Campáil

Is meascán foirfe de scíth agus eachtraíocht é campáil cois farraige le cosáin siúlóide áille thart ort. Déanann gaoth na farraige agus na radharcanna iontacha atmaisféar suaimhneasach, agus cuireann siúlóidí áille an deis fáil breathnú thart ar an dúlra. Tá an champáil ar Oileán Chléire foirfe chun do scíth a ligean agus athcheangal a dhéanamh leis an dúlra.

EOLAS TEAGMHÁLA:

Ríomhphost: chleirhaven@gmail.com | Fón: 086 197 1956