Bhunaigh triúr oileánach Ionad Foghlama Chléire sa bhliain 2002 mar sholáthraí cúrsaí Gaeilge agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer as Gaeilge . Le teacht Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, dhírigh an chuideachta ar aghaidh go príomha ar aistriúcháin ó Bhéarla agus ó Ghearmáinis go Gaeilge. Idir an dá linn ghlac Cléire Lasmuigh, micreaghnó gnóthach áitiúil eile gné na ngníomhaíochtaí ar láimh (féach anseo ).
I measc ár gcliant tá Ranna agus Institiúidí de chuid Rialtas na hÉireann a thagann faoi Acht 2003, soláthraithe móra aistriúcháin ilnáisiúnta a oibríonn don AE agus eintitis tráchtála ó thíortha ar fud an domhain.
EOLAS TEAGMHÁLA:
Fón: +353 83 420 0133