Ár scéal

BUN. 2021
POBAL
AG FÁS
Cuireadh tús le Tionscnamh Labhandair Oileán Chléire in 2021 mar chomhiarracht phobail chun barr a aithint a bheadh oiriúnach do spiorad Chléire, a bheadh ag teacht lena oidhreacht talmhaíochta, a chuirfeadh lena thodhchaí agrathurasóireachta agus a chomhlánódh fiontair reatha an oileáin.
AN PLANDA FOIRFE
ROGHA
AN LUSA LÉITH
Don tionscnamh seo roghnaíodh an Lus Liath, planda a tháirgeann amhábhair orgánacha atá oiriúnach le táirgí sláinte, baile agus cócaireachta a tháirgeadh go háitiúil. In 2021 rinneadh plandáil tástála agus d’éirigh léi inmharthanacht an lusa léith i dtimpeallacht farraige Oileán Chléire a chinntiú.


FÁS IN 2022
FÁS NUA
BAINTE AMACH
Ba í 2022 an bhliain inar bhaineamar “mais chriticiúil” amach nuair a cuireadh trí chineál labhandair éagsúla – Munstead, Hidcote agus Grosso – i méid níos mó ná 4,000 planda labhandair san iomlán.
COTHÚ COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ
FÁSTA I gCLÉIRE
DÉANTA I gCLÉIRE
In 2022 rinneadh an chéad raon de tháirgí an lusa léith “Fásta i gCléire, Déanta i gCléire” nuair a cuireadh jin labhandair, coinnle labhandair, uachtar reoite labhandair, gallúnach agus táirgí cúram cnis labhandair, mil labhandair agus raon leathan táirgí cócaireachta ar an margadh.


FORBAIRT IN 2023
TÁIRGEADH
TRÁCHTÁLA
A bhuí le trealamh tráchtála le haghaidh bonneagar próiseála agus fómhar 2023, cuiread ar ár gcumas níos mó táirgí labhandair orgánacha “Fásta i gCléire, Déanta i gCléire” a tháirgeadh do mhargaí sláinte, baile agus cócaireachta.

NÍL AON DEIREADH LENÁR SCÉAL
PRÍOMHIONAD AN
LABHANDAIR IN ÉIRINN
Tar éis an fhómhair luaith sa samhradh 2024, reáchtálfar den chéad uair Féile an Lusa Léith Oileán Chléire le Cléire a chur i láthair go foirmiúil mar Príomhionad an Labhandair in Éirinn, le rogha leathan de tháirgí labhandair orgánacha “Fásta i gCléire, Déanta i gCléire”.