Féile Labhandair  2024:  ‘Deireadh leis an tosach agus tús leis an todhchaí’!

Cuireadh tús le Tionscadal Labhandair Chléire in 2021 agus ba iad na  spriocanna a leagadh síos ná; an barra nua a fhás, an labhandar a  phróiseáil agus é a cheiliúradh le Féile Labhandair sa bhliain 2024. “Deireadh leis an tosach agus tús leis an todhchaí” a dúirt Joe Driscoll , duine de bhunaitheoirí an tionscadail labhandair agus é a caint faoin mbród atá air gur baineadh amach na gach ceann de an spriocanna thuas.

Bhí rath iontach ar an gcéad Fhéile Labhandair ar Oileán Chléire. Féile oiriúnach do gach aois ghrúpa idir óg agus aosta le raidhse imeachtaí suimiúla agus táirgí áille ar fáil. 

Bhí an aimsir an deireadh seachtaine sin thar barr ar fad, rud a chur go mór leis an atmaisféar beomhar thíos ar Thrá Chiaráin agus  ar fud an oileáin. Bhí idir luaimh, is mótarbháid  is na báid farantóireachta ag tarraingt na sluaite isteach. Bhí Cléire beo le daoine, iad ar fad ag baint súip as an ócáid.  I measc na gcuairteoirí bhí turasóirí a bhí ag tabhairt faoi Shlí an  Atlantaigh Fhiáin agus seanchairde thagann i dtír chugainn i gCléire, chuile bhliain ar nós an bhfáinleog! Cuireadh Fáilte Uí Cheallaigh roimh na cuairteoirí ar fad, le ceol, bia, cainteanna, imeachtaí, turais is earraí lamhdhéanta ar fáil do chách.   

Scaipeadh an scéal faoin bhféile is nuaí ar fhéilre an tsamhraidh go forleathan le cabhair agus tacaíocht na meán. Bhí ailt áille sa nuachtán náisiúnta  The Examiner san nuachtán áitiúil The Southern Star agus tháinig an craoltóir clúiteach Helen Ní Shé,  ón Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta chugainn agus rinne sí clár álainn le béim mhór ar an bhféile agus tháinig TG4 Craoladh an scéal ar Nuacht TG4 chomh maith. Bhíomar ar fad an -bhródúil as an suim a léirigh daoine san Fhéile. Ar ndóigh rinne lucht na féile féin agus capeclearferries.com sár -jab chun an t-eolas chun dáta  ar chur ar fáil ar na meáin shóisialta uile agus bíonn gach eolas faoi thionscadal labhandair Chléire  ar fáil ó www.capeclearlavender.com agus ar instagram.

Is traidisiún nua í an Fhéile Labhandair atá tosaithe i mbliana agus gura fada buan a mhairfidh sí! Dea-theist an tionscadail labhandair go bhfuil spiorad an phobail á mhuscailt arís agus go bhfuil borradh faoin bhfiontraíocht ‘is na fostaíochta.  Baintear leas as buanna na ndaoine idir a nuálaíocht, a ndearcadh dearfach agus a dteacht aniar chun tairbhe an tionscadail labhandair. Tá cúram, scil agus bród na gceardaithe le sonrú sna táirgí áille  atá ar díol sa siopa gleoite Danzig agus a bhí ar fail thíos ar Thrá Chiaráin i rith na féile. Is ag teacht le hoidhreacht is áilleacht shainiúil Chléire atá an tionscadal labhandair. 

I rith na féile bhí gach aon deis ann áilleacht Chléire a bhlaiseadh agus aithne a chur ar na ceardaithe sciliúla  ‘is na feirmeoirí nuálacha a bhfuil barra nua faoina gcúram. Bhí an deis ann eolas a chur ar an oileán ar na cosáin siúlóide, ar an mbus leictreach nó le Diarmaid ar leantóir an Davey Brown 350, tarracóir seanré  a mheallann páistí agus iad siúd atá craiceáilte faoi tharracóirí! 

 Cuireadh fáilte croíúil roimh na cuairteoirí a thug cuairt ar na garraithe labhandair, bhí seans maith ag daoine na plandaí a fhéiceáil ag fás ar fud na háite, foghlaim faoin tionscadal labhandair, casadh ar lucht fásta an labhandair, griangraif iontacha a thógaint  agus fiú casadh ar na gabhair agus na meannáin ghleoite ag Cléire Goats. D’oscail Fiona, Mara Farm i rith na féile – bíonn an-tóir ag cuairteoirí ar a feirm i gcónaí, is breá le daoine, na hainmhithe de phórtha oidhreachta a fheiceáil, na capaillíní, na ba, na muca  ‘is na cearca gach trácht ar sos a ghlacadh  le cupán caifé agus císte!

Thíos sa chuan bhí Mike Daly, duine de bhunaitheoirí an tionscadail  agus thaispeáin sé an próiseas driogtha le leamóg chopair, mheall sé na sluaite agus bhain siad an taitneamh ar fad as an gcaint. Tá an-suim ag daoine sa timpeallacht agus sna pailneoirí ach go háirithe, bhí Samatha agus Brennus ó Fastnet Farm i láthair ag an bhféile agus thug siad leo coirceog speisialta le taobhanna gloine ann ionas go bhféadfadh daoine tuiscint níos fearr a fháil ar shaothar na mbeach.  Thug Samantha agus Brennus caint iontach faoi na beacha agus an obair a bhíonn ar siúl acu, ar ndóigh bhí an mhíl ar díol ón seastán i rith na féile  agus ó shiopa Danzig i gcónaí. 

Bhí raidhse bídh ar fáil i rith na féile, bhí cístí agus soláistí breátha ar díol ag Helen, Treasa agus Marianne agus béilí ar fáil ón Siopa Beag, Sceallaire Mháire agus ciseáin phicníce ó Thigh Mhic Choitir. Oileán cnocach é Cléire, agus cinnte bheadh gá le sos agus suathaireacht tar éis an t-siúlóid ar fad, bhí seirbhísí folláine le béim ar tháirgí labhandair ar fáil ó MandiB Wellness.  Bhí criadóireacht álainn le dathanna agus maisiúchán ar théama labhandair ar fáil ón ealaíontóir áitiúil Catherine Ryan agus bhí Karina, thar a bheith gnóthach agus í mbun péileáil éadan i bpobal na bpáistí.  

Ba lá speisialta é an Domhnach, bhíothas ag tiomsú airgid don RNLI.  Ní  dócha go bhfuil oileánach ar bith nach bhfuil cúis mhaith aige a bheith buíoch do mhuintir an RNLI. Is iomaí uair a tháinig siad thar toinn chugainn chun teacht i gcabhair ar dhuine den phobal. Aithnítear cara in am an ghátair ach an uair seo bhí an deis ann buíochas agus tacaíocht a léiriú i rith na féile.  Bhí an ollchathaoir deice sa chuan chun grianghraif d’instagram is na meáin shóisialta a thógaint  agus  tionóladh crannchur mór um  thráthnóna, buadh duaiseanna breátha agus bailíodh neart airgid. 

Is é siopa Danzig seoid an tionscadail.  Is siopa fíor álainn é i sráidbhaile Cumar cúpla slat on gcuan. Sula leagfaidh tú cos thar tairseach an tsiopa cuirfidh an  boladh cumhra san aer faoi dhraíocht thú. Isteach leat agus mothóidh tú níos fearr ar an bpointe! Cuireann boladh labhandair daoine ar a suaimhneas nasc é sin le seisiún siopadóireachta, stair na háite agus braonín jin agus beidh tú ar neamh ar fad!  Tá seilfeanna an tsiopa breac le táirgí lámhdhéanta ar phragsanna an -réasúnta, earraí a dhéanfadh brontannas deas dod’ chairde nó duit féin ambaist!  Tá labhandar i ngach uile rud sa siopa, tá gallúnach, coinnle, bláthanna triomaithe, míl agus neart eile nach iad ar fáil, gan dearmad a dhéanamh ar Jin Chléire. Tá trí shaghas ar fáil, 3 Square Miles, Lavender Gin agus Cask Aged Gin. Is feidir buidéal beag de gach ceann a fháil in aon bhosca amháin  agus is féidir braonín den Jin a bhlaiseadh i Siopa Danzig leis. 

Tá an siopa Danzig i seanfhoirgneamh ina raibh dhá chlann ag maireachtaint ann tráth dá raibh. Tá eolas faoi stair an fhoirgnimh istigh sa siopa féin agus is fiú go mór seal a chaitheamh ann don stair féin. 

Tá an tionscadal labhandair ag dul chun leasa an oileáin. Feictear go bhfuil féile nua ar fhéilire imeachtaí Chléire, go bhfuil borradh faoin bhfiontraíocht agus go bhfuil meas ar oidhreacht agus ar thimpeallacht na háite gan dearmad ar spiorad na nuálaíochta atá i réim arís! Bí cinnte go gcuirfidh tú Féile Labhandair 2025 isteach sa dialann agus do thuras go Cléire ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin á phleanáil agat!