Lavender

accent lavender

ÁILLEACHT AN LUSA LÉITH

IDIR SUAIMHNEACH

AGUS FIÁIN

Úsáidtear an lus liath – luibh ilúsáideach a bhfuil cáil air as a chumhracht shéimh agus a bhuntáistí leighis – le haghaidh cumhartheiripe, miasa cócaireachta, táirgí cúraim craicinn, agus earraí tí mar gheall ar a chuid airíonna suaimhneasacha agus antaiseipteacha.

Sean Timey Lavender

STAIR SHAIBHIR

LEIGHEAS CHOMH SEAN

LEIS AN GCEO

Tá stair na gcéadta bliain ag an Lus Liath, ó shibhialtachtaí ársa suas go dtí an lá inniu, agus tá meas mór air, thar chultúir agus traidisiúin éagsúla, as a chuid airíonna cumhra agus teiripeacha.

Chomh fada siar leis an tSean-Éigipt agus an tSean-Ghréig, baineadh úsáid as an lus liath mar leigheas luibhe i gcoinne fadhbanna ar nós easuain agus péine, i dtáirgí cosmaideacha, agus fiú sa phróiseas balsamaithe le haghaidh mumaithe. Fágadh áilleacht agus iontais an phlanda seo le hoidhreacht i gcaitheamh na n-aoiseanna trí lámhscríbhinní a chuireann síos ar an iliomad úsáidí agus tairbhí a ghabhann leis.

LEASA

ÚSÁID REATHA

AN LUSA LÉITH

De réir mar a mhéadaítear ar thuiscint an domhain ar an lus liath, baintear i bhfad níos mó úsáide as an bplanda míorúilteach seo. Sa lá atá inniu ann, úsáidtear an labhandar le haghaidh rud ar bith, idir chócaireacht agus chumhráin nó fiú leighis. Léiríonn staidéir le tríocha bliain anuas gur féidir é a úsáid mar mhalairt ar go leor ceimiceacha freisin.

Cócaireacht

BIA AGUS DEOCH

CÓCAIREACHT

Úsáidtear labhandar cócaireachta, lena boladh binn bláthach, chun blas caolchúiseach ar leith a thabhairt do mhiasa agus d’earraí bácáilte, agus chun sofaisticiúlacht a chur le hoidis.

Earraí Tí

SA BHAILE

EARRAÍ TÍ

Is féidir an labhandar a úsáid timpeall an tí chun cumhra úr a chur i línéadaigh, lotnaidí a choinneáil ar shiúl, agus atmaisféar suaimhneasach a chruthú trí shaicíní nó spraeanna seomra déanta sa bhaile.

Pearsanta-Cúram

GLAC SUAIMHNEAS

CÚRAM PEARSANTA

Is minic a bhíonn an labhandar i dtáirgí cúraim phearsanta, cosúil le gallúnach, seampúnna, agus lóiseanna, mar gheall ar a airíonna suaimhneasacha, a chuidíonn le socracht agus craiceann sláintiúil a chothú.

Maireachtáil Shláintiúil

FEARADH NA FOLLÁINE

SAOL SLÁINTIÚIL

Úsáidtear an lus liath go minic i dtaca leis an tsláinte, mar shampla sa chumhartheiripe, teiripe shuathaireachta, agus leigheas luibhe chun imní, easuan, agus tinneas cinn a mhaolú, agus chun socracht agus folláine ghinearálta a chur chun cinn.