Lus liath, nó labhandar, arna fhás ar Oileán Chléire i bpáirceanna beaga le ballaí cloiche ársa timpeall air, dá dtugtar cúram grámhar agus a bhaintear de láimh – sin an t-easpórtáil is déanaí ar an oileán.
Nuair a smaointear faoin labhandar, bíonn daoine ag smaoineamh faoi choinnle, mil, gallúnach agus balsam. Agus tá go leor acu sin ar fáil ó cheardaithe an oileáin, ach mura bhfuil tú in ann dul go Cléire tá deis eile ann duit!
Bain sult as Labhandar Oileán Chléire le deoch Leanna Labhandair Oileán Chléire ó ghrúdairí cáiliúla na grúdlainne áitiúla West Cork Brewing Company.
Cruthaíodh Leann Labhandair Oileán Chléire i stíl Scotch Eighty Schilling. Is beoir ómra dhorcha í le blas iontach caramail agus braiche a chuirfidh brioscaí caife i gcuimhne duit, ach atá éadrom agus úr ag an am céanna.
Mar a tharlaíonn, is fearr an bheoir seo a ól idir 8 agus 10 gcéim, agus mar sin tá sé oiriúnach do shos fionnuar le linn siúlóide, ag beárbaiciúanna nó ag cóisirí gairdín. Oireann an bheoir go han-mhaith le putóg dhubh, cáiseanna boga bána aibí mar camembert agus brie, ach téann sé go maith freisin le cáis gabhar a tháirgtear go háitiúil i gCléire.
Bain triail aisti le milseog – Téann Leann Labhandair Oileán Chléire go han-mhaith le milseoga líomóide / citris, ar nós cáca cáise líomóide agus píog Key lime.
Tá Leann Labhandair Oileán Chléire uile-chuimsitheach, blasta agus friseáilte, mar sin ní gá duit rogha a dhéanamh idir do thart a shásamh agus sult a bhaint as blas iontach.
Moladh go mór Leann Labhandair Oiléan Chléire i measc lucht na beorach ceardaíochta le linn a sheolta ag Féile Beorach Thobar na bProinsiasach um Cháisc i mbliana. Is blas uathúil agus nua é dúinn in Éirinn, ach tá Motorworks Brewing in Florida á ghrúdú le blianta anuas, áit a bhfuil gradaim buaite acu dá bharr agus tá lucht a leanta ag fás go mór le blianta beaga anuas.
Fuair an máistirghrúdaire Terra Brookins roinnt leideanna ó Bob Haa (Motorworks Brewing Florida) agus ansin chaith Terra neart ama ag obair chun spiorad Labhandar Oileán Chléire a léiriú i mbeoir ar an mbealach is fearr agus is féidir.
Cuireann Terra an labhandar úr sna málaí leannlusanna ar feadh tréimhse an-bheacht chun an bheoir fhíor-speisialta seo a chruthú. Mar a deir Terra, tá difríocht bhídeach ann idir iontach agus uafásach! Dar linne, ní fhéadfadh ach máistir na ceirde an chothromaíocht cheart a bhaint amach chun blas álainn a chur ar fáil!
Déan do thart a mhúchadh le blas úr Leann Labhandair Oileán Chléire.
Tá sí ar fáil sna háiteanna is fearr in Iarthar Chorcaí!
Cad faoi níos mó a fháil amach? Bí linn le haghaidh Féile an Lusa Léith Oileán Chléire i mí Iúil na bliana seo. Buail le saothróirí agus ceardaithe áitiúla, caith súil ar ghairdíní an lusa léith agus bain sult as Príomhionad an Labhandair in Éirinn!